← An Giorria agus an Toirtís 🔊
← Thug an toirtís an chluas bhodhar dó agus lean sé air ar a bhealach féin. 🔊
← Bhuail rabhartha feirge an toirtís agus ar seisean, 🔊
← Beidh rás againn chun an scéal a shocrú.' 🔊
← Scairt an giorria amach ag gáire. 🔊
← "Tá go maith," arsa an toirtís, "ligimis don sionnach a bheith mar réiteoir eadrainn agus cuirimis chuige." 🔊
← Bhí rialacha an ráis an-simplí. 🔊
← Bheadh orthu dul trasna na bpáirceanna agus síos go bun an mhóinéir chomh fada leis an gcrann mór darach, dul timpeall an chrainn agus ar ais. 🔊
← D'imigh an giorria leis ar nós na gaoithe agus níorbh fhada go dtí go raibh sé as radharc. 🔊
← Lean an toirtís ar a luas féin agus diaidh ar ndiaidh tháinig sé suas leis an ngiorria agus amach thairis. 🔊
← Faoin am ar dhúisigh an giorria bhí an toirtís imithe thar an líne agus an rás buaite aige. 🔊
← D'imigh an giorria ar luas lasrach ach bhí sé fánach aige - bhí an rás rite. 🔊